Dia daoibh agus bhur gcéad míle fáilte chuig mo bhlag nua. Is mise Orla agus táim ag múineadh na Gaeilge le dhá bhliain déag anois. Bhí spéis agam i gcónaí sa Ghaeilge.
Bhain mé Bailsiléar Oideachais amach i gCorpoideachais agus Gaeilge in 2012. Thosaigh mé ag obair mar mhúinteoir meánscoile agus bhain mé máistreacht amach i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge (UCD) – áit ar leith a spreag mo spéis sa Ghaeilge.
Bronnadh scoláireacht ICUF orm in 2018 agus thaistil mé go Toronto chun an Ghaeilge a theagasc in Ollscoil Toronto ar feadh dhá bhliain. D’eagraigh mé neart imeachtaí Gaeilge ann, cuir i gcás Pop Up Gaeltacht, céilí agus ranganna Gaeilge.
I rith na tréimhse sin, iarradh orm cabhair a thabhairt do bhean maidir le hullmhúchán don scrúdú TEG B1. Thapaigh mé an deis seo agus chabhraigh mé léi. Is as sin a chuir mé tús le ranganna ar líne agus de réir a chéile, cúrsaí ríomhfhoghlama, áit ar féidir le daltaí foghlaim ar a luas féin.
Ba mhian liom anois eolas d’ardchaighdeán agus leideanna praiticiúla a thabhairt d’iarratasóirí TEG agus Hibernia. Tríd an mblag seo, déanfaidh mé mo dhícheall mo thuairimí a chur in iúl daoibh ar na bealaí is fearr feabhas a chur ar bhur gcuid Gaeilge le gur féidir libh tabhairt faoin Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (an PME).
Hello everyone, and a very warm welcome to my new blog. My name is Orla, and I’ve been teaching Irish for twelve years. I’ve always had a strong interest in the Irish language.
I completed a Bachelor of Education in Physical Education and Irish in 2012. I began working as a secondary school teacher and later completed a Master’s in Irish Writing and Communication — an experience that deepened my passion for the language even further.
In 2018, I was awarded an ICUF scholarship and travelled to Toronto to teach Irish at the University of Toronto for two years. While there, I organised many Irish-language events, including Pop-Up Gaeltacht gatherings, céilís, and Irish classes.
During that time, I was asked to help a student prepare for the TEG B1 exam. I seized the opportunity and supported her, and from that point I began teaching online classes and gradually developed online learning courses where students can learn at their own pace.
Now, I want to provide high-quality information and practical advice for TEG and Hibernia applicants. Through this blog, I’ll do my best to share my views on the best ways to improve your Irish so that you can progress to the Professional Master of Education (PME).